Sa mbliain 2006 dhún stáisiún príobháideach peitril síos san oileán, rud a d’fhág an pobal gan soláthar breosla (peitreal / diesel).
Bhí géarchéim ann agus is faoi Comharchumann Forbartha Árann mar eagraíocht forbartha a bhí sé teacht ar réiteach fónta.
Dhún an stáisiún peitril mar nach raibh sé inmharthana (níorbh fhéidir é a rith mar ghnó); chaithfeadh Comharchumann Forbartha Árann teacht ar réiteach a sheachnódh sin.
Bheartaíomar oibriú le diesel amháin, mar go lú go mór an caipiteal agus costais reáchtála diesel ná peitril.
D’iarramar maoiniú dó seo, maraon le cead pleanála d’ionad dáiliúcháin, agus cheannaíomar truc / taincéar nua.
Feabhra 2008 d’osclaíomar ár stáisiún dáiliúcháin – Breosla Árann. Oibrítear le cárta é, gan airgead tirim ar bith a láimhseáil.
An Córas nua cártaí ata ar fáil againn.
24 uair 7 lá na seachtaine. Is córas atá ag oibriú iontach agus tá pobal árann ann sásta leis.
|