(13 dhuine de phobal an Oileáin)
Bainisteoir
Bainisteoir Cúnta
Riarthóir
Bainisteoir faoi Oiliúint (nua-cheaptha)
Fó–Choistí den Chomharchumann
Sa mbliain 1991, an t-am a bunaíodh Comharchumann Forbartha Árann, bhí go leor coistí éagsúla san oileán a raibh obair thábhachtach ar siúl acu. Ach ó bhíodar scartha óna chéile, ní bhídís uileag ag obair as láimh a chéile, rud a d’fhág go mba lLeasc le áisíneachta tacaíochta (ranna rialtas m.sh.) déileáil leo.
Chuireamar romhainn dá bhrí sin na coistí éagsúla a thabhairt le chéile, cabhrú leo nuair ba ghá, ach gan cur isteach orthu.
Bhí toradh maith air seo: Bhí beagnach gach uile choiste sásta teacht le chéile faoi scáth an Comharchumann.
Fó – Choistí
De chuid an Chomharchumainn
Struchtúr
De Bharr ár réimse leathan gníomhaíochtaí agus ar n-ualach trom oibre, tionóltar cruinnithe coiste go minic (faoi dhó sa mí).
Bíonn tinreamh maith ann – tá baill an choiste díograiseach i mbun na hoibre.
Ag tús na bliana leagtar amach Plean Oibre Bliantúil; sin é ár “mbíobla” don bhliain atá romhainn.
Ach tarlaíonn rudaí gan choinne amannta a gcaitear déileáil leo freisin: Níl mór mar sin solúbthacht áithrid a bheith sa bplean sna cásanna sin.
Cuntais
Uair sa mhí, ag cruinniú coiste tugtar briseadh síos (mion-léiriú) ar fhigiúir na gcuntas, ag léiriú cén fáltas agus cén caiteachas atá inár bpríomh-chuntas. Deich gcinn de chuntais éagsúla (nó Fochuntais) bainc atá á láimhseáil againn – an príomh chuntas agus na cuntais a bhaineann lenár dtionscnaimh éagsúla.
Maoiniú
Tá aitheantas tugtha do Comharchumann Forbartha Árann ag Údarás na Gaeltachta agus maoiniú dá réir.
Faigheann muid deontais reáchtála de €120,00 chun íoc as tuarastal, árachas, IMAT
(PAYE, nó íoc mar a thuillir) aAgus (PRSI, nó Árachas Sóisialta-costais a bhaineann le oifig chruachúiseach.)
|