Amach ó chósta thiar na hÉireann, i mbéal chuan na Gaillimhe, atá na trí Oileáin Árann.
Tá a n-Oidhreacht Chultúrtha ar leith féin acu maidir le Geolaíocht (carraig agus talamh),
le seandálaíocht agus le cultúr / teanga.
Bun-chloch na mórthíre (Conamara), is cloch eibhir í, ach is í an aolchloch agus scealla ina sraitheanna atá in Árann.
Faightear suas le ceithre chéad speiceas plandaí maroon le lear mór fia-dhúlra ar an aolchloch lom seo agus síos go cladach.
Thar aon ní eile is í an t-oileán seo Árainn / Inis Mór is baile do 836 duine.
Bunaíodh Comharchumann Forbartha Árann i 1991 le freastal ar riachtanais an phobail seo.
Mar sin thosaíonn scéal Comharchumann Forbartha Árann.
Thuig an Pobal, má bhí Árainn le dul chun cinn ó thaobh saol sóisialta agus eacnamaíochta agus ó thaobh infrastructure
(uisce, báid, bóithre & rl), go raibh gá le eagraíocht a mbeadh seasamh oifigiúil aici.
Bhí bun seirbhísí go leor in easnamh; bhí deacrachtaí taistil, costas ard maireachtála, lion an phobail ag titim, inimirce, dífhostaíocht
agus ceal seirbhísí don óige agus d’aosaigh (seandaoine) an oileáin. Bhí gá le eagraíocht oifigiúil-agus láidir.
Tháinig Comharchumann Forbartha Árann ar an saol i 1991, arna bhunú ag grúpa oileánach a thuig gurbh shóid é an t-aon bhealach
lenár n-iliomad fadhbanna a réiteach.
|