I 1994, tháinig deireadh leis an seirbhís bus poiblí san Oileán. Duine a bhí á oibriú ar bhonn príobháideach, agus ní raibh an gnó ag íoc as féin.
Bhí muintir an Oileáin gan seirbhís ríthábhachtach, agus iarradh ar Comharchumann Forbartha Árann tabhairt faoina reáchtáil.
Le cabhair dheontais ó Roinn na Gaeltachta cheannaíomar bus nua.
Thug an scéim iompair tuaithe agus Údarás na Gaeltachta maoiniú freisin dúinn chuige seo. Seirbhís is ea an bus seo atá ríthaíshachtach do shean agus d’óg agus don phobal I gcoitinne. Gan cabhair agus deontais Stáit, ní íocfaidh an tseirbhís a bealach, ach ní féidir déanamh dá huireasa. Chomh maith le seirbhís iompair sé lá sa tseachtain, freastalann Comharchumann Forbartha Árann, ar an Naíonra, an Ghairmscoil, ar Chlub na nÓg agus Bingó. Sársheirbhís curtha ar fáil againn a shásaíonn riachtanais an phobail.
|