Seo leanas cuid dé na h-imeachtaí a bhíonn ar siúl ar Inis Mór I rith na bliana.
Pátrún Inis Mór
Féile 3 lá atá sa bpátrún a bhíonn ar siúl ag deireadh mí Meitheamh gach bliain. Bíonn spóirt, spraoi, ceoil, damhsa, rásaí currachaí agus srl do ghasúir agus daoine fásta. Tugann an Pátrún slua mór isteach chuig Inis Mór gach bliain.
Cuireadh mé agat cúpla pictiúr don patrún.
Leath Marathon Aer Árann
I Mhí Aibreáin gach bliain eagraíonn Aer Árann leath marathon ar Inis Mór, chun airgead a bhailiú do ospidéal “Temple Street”. Bíonn os cionn céad duine ag glacadh páirt gach bliain agus is iontach an méid airgead a bhailíonn siad gach bliain.
Snámh Lá Nollaig
Ar son an Báid Tarrthála gach Lá Nollaig a léimeann os cionn trí scóir duine isteach san fharraige chun airgead a bhailiú. Tar éis an t-Aifreann maidin Lá Nollaig tagann gach duine le chéile ar an chéibh chun féachaint nó páirt a thógáil sa snámh bliantúil Nollaig.
|